Icône d'Elisabeth de la Trinité - Carmel de HarissaÓ a Dhia liom, a Thríonóid a adhraim, cuidigh liom dearmad glan a dhéanamh orm féin ionas go dtig liom lonnú ionat-sa, go séimh síochánta, mar a bheadh m’anam sa tsíoraíocht cheana. Ná ligtear d’aon rud mo shuaimhneas a chiapadh, agus ná dealaítear uaitse mé, O mo Dhia bhuain, ach gach bomaite go dtugtar níos faide isteach mé i ndoimhne do rúndiamhaire. Déan m’anam a cheansú. Bíodh sé ina neamh agat, ina áitreabh ionúin, áit do chónaithe. Nár lige mé i d’aonar thú in am ar bith, ach go raibh mé ann go huile agus go hiomlán, lándúisithe i mo chreideamh, ag adhradh go dícheallach, mo ghéilleadh féin do do ghníomhú cruthaitheach.

Ó a Chríost mhuirnigh, a céasadh de bharr an ghrá, níorbh fhearr liom aon rud ach bheith i mo chéile agat i do chroí istigh, b’áil liom thú a ghlóiriú agus iomlán mo ghrá a thabhairt duit fiú dá bhfaighinn bás dá bharr. Ach braithim mo laige agus iarraim ort mé a mhaisiú leat féin, m’anam a chorraí i gcomhbheart le d’anam féin ; déan mé a thumadh, a chloí. Iarraim ort thú féin a chur i m’áitse ionas nach í beatha s’agamsa a bheas ann ach loinnir do bheathasa. Tar isteach ionam a adhradh, a chúiteamh, a shlánú.

Ó a Bhriathair shíoraí, a Urlabhra an Athar, is toil liom mo bheatha a chaitheamh ag éisteacht leat ; ba mhaith liom mé féin bheith sotheagaisc d’fhonn gach rud a fhoghlaim uait. Agus ansin, tríd an uiledhorchadas, tríd an uilefholúntas, tríd an uilelagar, ba mhéanar liom mo shúile a bheith sáite ionat agus mé bheith ag maireachtáil faoi do sholas mór, a Réalta Mhuirnigh, déan mé a mhealladh chugat ionnas nach mbeidh mé in ann imeacht thar do dhealramh amach.

Ó a Thine a loisceann, a Spioraid na páirte, déan teagmháil liom le go ndéana tú i m’anam istigh mar a bheadh ionchollú an Bhriathair : go raibh mé aige mar fearasbarr daonnachta sa méid go dtig leis a rúndiamhaire uile a athnuachan. Agus tusa, a Athair, crom anuas chuig do chréatúr beag bocht, cumhdaigh é faoi do scáth, gan aon rud a fheiceáil ann ach do Mhuirneach ina bhfuil do ghnaoi uilig.

Ó a Thriúir, a Annsacht liom, mo Bheannaitheacht, a Uaignis éigríochta, a Mhórgacht gan chuimse ina gcailltear mé, géillim duit mar chreach. Déan thú féin a adhlacadh ionamsa ionas go dtig liom mé féin a adhlacadh ionatsa, ag brath le hionchas a bheith i do sholas ar dhuibheagán do mhaorgachta.